Cló Léann na Gaeilge

Coinneal Leabhar Tobar

Le teacht go luath…

Inphrionta acadúil is ea Cló Léann na Gaeilge (CLÓ) a fhoilsíonn saothair Ghaeilge ar an gcaighdeán idirnáisiúnta is airde. Foilsíonn CLÓ taighde piarmheasta ó gach réimse de léann na Gaeilge, trí mheáin chlóite agus leictreonacha éagsúla. Tá sé i gceist go mbeadh CLÓ mar bhonn agus mar thaca faoi thaighde agus scoláireacht na Gaeilge.

Tá sé mar aidhm ag CLÓ an dioscúrsa léannta a spreagadh agus a chothú trí ardán foilsitheoireachta a chur ar fáil do scoláirí ar fud na cruinne ar mian leo a gcuid taighde sa réimse thuasluaite a fhoilsiú i nGaeilge. Freagra ar an riachtanas le fearas nua foilsitheoireachta a chur i dtoll a chéile is ea CLÓ, ionas go mbeadh seachadadh scoláireacht agus taighde i Léann na Gaeilge slán sna blianta amach romhainn.

Togra tras-institiúideach Ollscoile is ea CLÓ i bpáirt leis an teach foilsitheoireachta COMHAR.


Cuirtear fáilte roimh dhréachtaí scolártha faoi Stíl Tí CLÓ ar mian le scríbhneoirí a fhoilsiú sna blianta 2022 agus 2023 a chur chuig clo@comhar.ie.

Iarrtar ar scríbhneoirí an seicliosta seo a léamh agus scéal á chur ar aghaidh acu.

I gcomhpháirt le

Gabhann na rannpháirtithe buíochas le Foras na Gaeilge as tacaíocht leanúnach a chur ar fáil

Cló Léann na Gaeilge

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag clo@comhar.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.